Níl aonach ná margadh
Dá bhfuil in san áit
Nach bhfaicimse Cití
Sí díol a cuid snáth
Orú scairtim isteach uirthi
'S bhuailidh mé'n clár
Is a Chití na n-anam
Fan agam go lá

Níl bó níl gamhain
'S níl caora bhán
Ó bhruach Loch Corbhaith
Go maol an tsléibh' bháin
Nach dtabharfainn do Chití
Ar an aog phóg amháin
'S í leigheasfadh an arraing
Teacht fríd i mo lár

Ó gheall tusa domhsa
Is gheall tú faoi dhó
Nach ndéanfá mo mhalairt
Anois nó go deo
Ná go bhfaca mé tusa
'S fear eile ag ól
I gcúl an tom dreasóg
'S mug leanna ina dhorn

Ach ligfidh muid tharainn
Ach ní hea sin le stuaim
Is mian liomsa trácht
Ar Chití na gcuach
'S í planda an dúine
Í tá saoithfiúil suairc
A shamhail ní fhaca mé
Theas nó ó thuaidh

A bhuachaill beag beadaí
Is mé i ngrá le bliain
'S b'fhearr liom bean agam
Nach bhfaca mé ariamh
Ach lig mé na buachaillí
Sa chuideachta uaim
Ná go raibh mé 'na bhaile
Le mo Chaitlín Triall

Níl aon tointe ar mo bhrollach
Nár leig mé le gaoith
'S ma fhágaim a' baile
Níl phillfidh mé choiche
Tá lionn dubh ar m'aigne
Is caill ar mo chiall
'S nach trom sin ar d'anam
A Chaitlín Triall